Luke 19

Díthchoill Shachéus ar Criosd dfhaicsin, 45 agus Críosd ag iomáin luchd an mhio-mhodh as an teampaill.

1 Agus ar ndol a sdeach go Iérico Diosa do ghabh sé thríthe. 2Agus, féuch, do bhí duine áirighe ann dár bhainm Sachéus, do bhi na úachdarán air na publiocáin, agus do bhí sé saidhbhir. 3Agus do bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sér ísiol do phearsainn. 4Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil. 5Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu. 6Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach. 7Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe peacthaich. 8Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid. 9Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham. 10Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha. 11Agus ag éisdeachd dóibhsean leis so, do chuir sé leis agus a dubhairt sé cosamhlachd, tré go raibh sé láimh ré Hiarúsalem, agus gur sháoileadarsan nach fada go bhfoillseochtháoi rioghachd Dé. 12Ar a nadhbharsin a dubhairt se, Do chúaidh duine uasal áirighe a régión imchían do ghabháil rioghachda dhó féin, agus dfilleadh air a ais. 13Agus ar ngairm a dhéichneabhar searbhfhoghantuighe dhó, tug sé deich bpunta dhóibh, agus a dubahirt sé riú, Déunuidh gnothuigh nó go dtig mé. 14Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn. 15Agus tárla, an tan do fhill sé, ar ngabháil na rioghachda chuige, gur nithin sé na searbhfhoghantaighe úd da dtug sé an tairgead, do ghairm chuige, ionnus go mbiadh a fhios aige créud do ghnodhuigh gách áon aca. 16Agus táinic án céadduine, ag rádh A thighearna, do ghnodhuigh do phiosa deich bpiosa. 17Agus a dubhaiort seision ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuighe mhait: óir do bhí tú firinneach ar bheagán, bíodh cumhachda agad ar dheich gcaithreachaibh. 18Agus táinic an dara fear, ag rádh, A thighearna, do rinne do phíosa cúig piosa. 19Agus a dubhairt ris an tesi, Bisi mar an gcéadna ós cionn cuig gcaithreach. 20Agus táinic fear eile chuige, ag rádh, A thighearna, féuch, do phiosa do bhí agamsa a ttaisgidh a naipcin: 21Oír do bhi heaglasa oram, tré gnr duine foghruáma thú: tógbhuidh tú súas an ui nár chuir tú siós, agus beanuidh tí an ní nar shiólchuir tú. 22A dubhairtsion ris, As do bhéul féin do bheir imbreith ort, a dhriochshearbhfhoghantaigh. Do bhí a fhios agad gur dhuine forghrúama misi, thogbhus súas an ni nach ar chuir mé siós, agus bheanas an ni nach ar shíochuir me: 23Ar a nadhbharsin créd fá nar chuir tusa mo chuid airgid ann sa mbane, agus ar dteachd damhsa do thóigeubhuinn é maille lé biseach? 24Agus a dubhairt sé ris an muinntir do bhi na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é. 25(Agus a dubhradarsan ris, A thighearna, atáid deich bpiosa aige.) 26Oír a deirin ribh, Gur ab do gach áon agá bhfuil do bhéarthar; agus an té ag nach bhfuil, beanfuighear dhe fós an ní atá aige. 27Tabhruidh libh ann so, na naimhde úd agamsa, le nar bháill misi do rioghagh ós a gceann, agus marbhaidh am fiadhnuisi iad.

28¶ Agus ar na rádh so, do chúaidh sé rompa, ag dul súas go Hiarasaleim. 29Agus tárla, an tan do dhruid sé lé Betpháge agus ré Betánia, láimh ris a tsliabh da ngoirthear slíabh na Noluidhe, gur chuir sé dias da dheisciobluibh úadh, 30Ag rádh, Imthighidh don bhaile atá as bhur gcomhair; ar ndul a sdeach ann dáoibh do gheabhtháoi searrach ceangailte, ar na shuidh áon nduine riamh: sgáoilidh, agus tabhruidh libh é. 31Agus dá bhfiafruidhe éin neach dhibh, Créd fa sgáoiltí é? is mar so a déartháoi ris, Ar son go bhfuil féidhm ag an Tighearna air. 32Agus ar nimtheachd do na teachairidhibh, fúaradar mar a dubhairt sé riu. 33Agus ar sgáoileadh an tsearraigh dhóibhsion, a dubhradar a thighearnuidhe riu, Créd fá sgáoiltí an searrach? 34Agus a dubhradarsan, Tré go bhfuil féidhim ad an Tighearna air. 35Agus rugadar léo é chum Iósa: agus ar dteilgean a mbrat ar a tséarrach, do chuireadar Iósa air. 36Agus ag imtheachd dósan, do leathnuigheadar a néadhuighe ar a tslighe. 37Agus an tan do dhruid sé a bhogus, ré casaigh shléibhe na Noluidheadh, do thionnsgain an chuideacha dheisciobal uile go lúathgháireach Dia do mholadh do ghuth mhór ar son gach uile subhailcighe dá bhfacadur; 38Ag rádh, Is beannaighe an Rí thig a nainm an Tighearna: sióthcháin ar neamh, agus glóir an sna bárduibh. 39Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh. 40Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé riu, A deirim ribh, má thochduid so, go néighfid na clocha féin.

41¶ Agus mar do dhruid sé a radharc na caithreach, do ghuil se air a son, 42Ag rádh, O dá naitheantá, ann sa lá agad féin fós, na neithe bheanas réd shiothcháin! achd atáid síad a nois foluighthe ód shúilibh. 43Oír tiocfuid láethe ort, ann a dteilgfid do naimhde diog ad thimcheall, agus iona dtimchiollfaid, agus iona gcuibhreochaid thú gach éantáobh. 44Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe.

45¶ Agus ar ndol a sdeach don teampall dhó, do thionnsgain sé an dream do bhi ag reic, do thionnsgain cé an dream do bhi ag reic agus ag ceannach ann, do chur amach; 46Ag rádh ríu, Atá sgriobhtha, Mo thighse is tigh urnuighe é; achd cheana do rinneabhairsi tuimighthe bhiothamhnach dhe.

47¶ Agus do bhíodh sé teagasg gach lá ann sa teampall. Agus díarradar úachdaráin na sagart agus na sgríobuidhe agus cinn an phobuil eisíon do mharbhadh, 48Gidheadh ni raibh a fhios aca créd do dhéunaidis: óir do bhi an pobal uile ro-aireach air éisdeachd risean.

Copyright information for IriODomhnuill